Clár na bhFógraí

Ócáidí Speisialta sa scoil i rith na Scoil bhliana 2000/2001

 

1/9/2000 -Ath-oscailt na scoile taréis saoire an tSamhraidh

29/9/2000- Aifreann i Seipéal na Tulaí chun tús a chur leis an Scoil bhliain.

9/10/2000- Seoladh na Fístéipe "Beo go Deo 4" i Seanscoil Shailearna. Ba ócáid iontach a bhí ann do na tuismitheoirí agus na páistí a bhí i láthair ón scoil s'againn féin agus ó Scoil Shailearna.

13/10/2000- Ócáid stairiúil i saol na scoile. Déirigh Bríd Bn. Uí Dhonnchadha as a post mar Mhúinteoir taréis 30 bliain a chaitheamh sa scoil. Tháinig sí chun na scoile i 1970 nuair a déanadh cónascadh idir Scoil na Tulaí agus Scoil na Minna. Tháinig 12 páiste léi ón scoil sin. Bhí cumha mór ar gach a raibh i láthair i Halla na Scoile áit ar bhronn an tAth Ó Flannabhra, Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta dearbhán taistil uirthi mar chomhartha buíochais ar an t-seirbhís iontach a thug sí don scoil le 30 bliain. Go gcuire Dia an t-ádh uirthi.

Is í Bríd Bleasdale, a bhí mar chó ordnóir ar an scéim Breaking the Cycle, a ceapadh ina háit agus is í Yvonne Ní Laife a bhí mar mhúinteoir ag Rang a 1&2 a ceapadh in áit Bhríde. Tá múinteoir nua anois ag Rang a 1 & 2 . Sin í Tríona Breathnach ón Tulach. Go néirí go geal leo ar fad.


17/10/2000- Thug Ranganna Naíonán cuairt ar an Taibhdhearc chun an seó puipéad "Topsy turvy World" a fheiceáil. An lá céanna thug Ranganna 1-4 cuairt ar an Town Hall chun an seó "Time & Motion" a fheiceáil. Idir an dá linn bhí Ceardlann de cheol Aifriceach ar siúl i Halla na scoile do Ranganna 5 & 6. Bhí lá iontach ag gach duine. Bhí sé seo ar fad ar siúl mar chuid den fhéile "Babaró"

 14/12/2000- SPRAOICHEIST Ghael Linn: Bhí an bua ag foireann ó Rang a 6 na scoile seo i gComórtas Spraoicheist Boird Ghael Linn a bhí ar siúl i Scoil Shailearna.

21/12/00- Dráma na Nollag- Taréis an cleachtadh ar fad bhí an oíche mhór tagtha faoi dheire. Thosaigh Rang a 1&2 faoi stiúr a múinteoir Tríona Breathnach leis an dráma "Hata Dhaidí na Nollag". Ansin rinne Ranganna 3&4 an-léiriú ar scéal "Rumplestiltskin" agus choinnigh ranganna 5&6 gach duine sásta idir na ndrámaí le ceol agus amhráin. Chuir Ranganna na Naíonán críoch leis an scléip le scéal na Nollag agus fuair siad cúnamh ó Ranganna 5&6 a chan carúil Nollag.

 

 

Abhaile